



Tá Seó Spóirt ar ais faoi stiúir Dhara Uí Chinnéide. Beidh Seán Bán Breathnach (SBB) ina theannta gach seachtain i gCeannáras TG4 chomh maith le haíonna aitheanta chun dul i mbun anailíse.
Tabharfaidh Gemma Ní Chionnaith an nuacht spóirt is déanaí dúinn agus beidh sí i mbun agallamh le scoth na n-imreoirí agus na mbainisteoirí ar fud na tíre.
Bigí le Dara Ó Cinnéide láithreoir an irischlár seachtainiúil Seó Spóirt - TG4 gach Aoine ag 8.30p.m.
Chun níos mó eolais a fháil faoi Seó Spóirt, téigh chuig ár leathanach Facebook.
Seó Spóirt gach Aoine ar TG4 ag 8.30p.m


Is iad Ger Loughnane agus Micheal Ó Muircheartaigh aíonna na seachtaine seo. Beidh siad ag caint faoi Cluiche Ceannais Iomaná na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Tíobraid Árainn.


