SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

Logo - Glas Vegas

Divider


Tá séasúr nua den tsraith siamsaíochta ar na bacáin agus muid sa tóir ar an tallann nua is fearr agus is bríomhaire le cur ar an scáileán do TG4 sa ceathrú séasúr.

Más mian leat a bheith páirteach sa tsraith seo, líon amach an fhoirm iarratais ar an leathanach seo.

Beimid i dteagmháil leat maidir le dáta, am agus ionad d' éisteacht.

Craolfar Glas Vegas 4 ar TG4 in Earrach 2010.

Beidh Corn Glas Vegas agus €1000 le fáil ag buaiteoir Glas Vegas.

 

The Glas vegas Team

 


Is é Cillian O'Donnachdha a bheidh mar láithreoir, fear a bhfuil aithne mhaith air cheana féin ar scáileán TG4 óna chuid oibre ar Ros na Rún agus ar Seacht. Is iad na moltóirí don sraith nua:

Ciara Newell as Gaillimh, ball den ghrúpa Bellefire. Tá cuid mhór den domhan siúlta aici ag seinm ós comhair suas le 250,000 duine in ionaid ar nós Wembley, Tokyo agus Geata Brandenburg i mBeirlín. Is amhránaí cumasach sean-nóis í freisin agus cuirfidh a taithí agus a tuiscint ar ghnó na siamsaíochta go mór leis an bpainéal moltóireachta.

Páraic Breathnach, fear ildánach: léiritheoir, láithreoir, stiúrthóir agus aisteoir. Is é a ról mar Jacksie Walsh, an tábhairneoir sa tsraith teilifíse Killinaskully, is mó a thuill cáil dó le gairid is dóigh. Ní chuireann Páraic fiacail ina bhreithiúnas agus rachaidh an ghéarchúis sin chun tairbhe na sraithe, gan aon dabht.

Evelyn O'Rourke - craoltóir agus léirmheastóir tuiseanach a chuireann Gerry Ryan ar bhóthar a leasa go minic, rud is gá.

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER