

Clár simplí cainte le daoine iontacha gan uabhar. Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann. Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.
Tá Máirtín sa gcúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht le Máirtín.
I measc na gcainteoirí breátha a bheidh páirteach sa tsraith leis, beidh an t-iarfheisire Eorpach Seán Ó Neachtain, Máire Harrington, Donncha Mac Fhionnlaoich TD, Éanna Ní Lamhna agus Gearóid Ó Catháin, an leanbh deireanach a rugadh ar an mBlascaod Mór.




Is é an tAthair Paddy Howell a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín an tseachtain seo.
Insíonn an tAthair Paddy do Mháirtín faoin anailís a dhéanann sé ar bhrionglóidí agus faoin obair dhealbhadóireacht giúise a bhíonn idir lámh aige.