SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

LÉIRIÚCHÁN - TREOIRLÍNTE

Seacht - Póg

Divider

Caighdeáin Theicniúla
Tá sonraíocht chuimsitheach bheacht leagtha síos ag TG4 i gcáipéis a chuimsíonn gach gné de na caighdeáin theicniúla atá riachtanach ina chuid clár, idir bheo agus thaifeadtha. Más mian leat riachtanais an chainéil i leith na gcaighdeán agus na sonraíochtaí seo - fhíse, fhuaime, theicniúil, sheachadadh téipe, bheochraolta agus eile - a fháil, brúigh anseo.

Foirm Scaoileach do Dhaoine Páirteach i gclár
Caithfidh gach duine a bhíonn rannpháirteach go cruthaitheach i gclár - amhránaí, damhsóir, aisteoir, agallóir, scríbhneoir, cumadóir, léiritheoir, stiúrthóir - an fhoirm seo a shíniú.

Glanadh Cearta Ceoil
Is gá bileog cheoil a sheoladh leis an gclár críochnaithe chuig TG4 in a bhfuil eolas iomlán - fad an phíosa ceoil, cumadóir, foilsitheoir, an lipéad ceirníní &rl. I gcás gur ceol beo atá in úsáid, ba chóir do na ceoltóirí ar fad an fhoirm scaoileach rannpháirtíochta a shíniú agus í a sheoladh isteach leis an mbileog chiúála cheoil.

 

Scannán Cartlainne / Sean Phictiúirí
Caithfear ceadúnas scríofa a fháil ó úinéir na gcearta d'aon mhír chartlainne/seanphictúirí a úsáidfear sa chlár. D'fhéadfadh go mbeadh glanadh cearta níos leithne ag teastáil más comhléiriú é seo nó má tá maoiniú ag teacht ó fhoinsí eile.

Páipéarachas Dlí - Ginearálta
Nuair a bheidh an clár críochnaithe á sheoladh agat chuig TG4 caithfear na sonraí cláir agus an fhoirm chóipchirt atá ceangailte leis an gconradh a líonadh amach agus a thabhairt do TG4, mar aon le cóipeanna de gach cáipéisíocht glanta cearta eile atá luaite thuas. Ba chóir duit na bunchóipeanna a choinneáil slán dod chomhad féin.

Úsáid Lógó TG4
Chun Treoireacha ar úsáid Lógó TG4 ... Cliceáil Anseo.

Divider

Cré na Cille

 
 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER