SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

LÉIRIÚCHÁN - SPLANC! - 2010

 
Splanc!
Divider

TG4 & An Chomhairle Ealaíon

Fáilteoidh TG4 agus An Chomhairle Ealaíon roimh iarratais don 6ú séasúr den togra nuálaíoch seo faoina maoinítear cláracha cruthaitheacha faisnéise teilifíse a léiríonn saol na n-ealaíon agus cruthú na n-ealaíon in Éirinn.

Beidh mar aidhm le scéim na bliana seo tacú le roinnt cláracha faisnéise ar raon cineálacha ealaíon a thabharfaidh léargas agus tuiscint ar chruthú na healaíne in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Níl aon chineál ealaíne taobh amuigh de scóip na scéime seo agus tabharfar tús áite do chláracha faisnéise ina bhfuil físiúlacht ar leith, paisean agus cur chuige ceannródúil. Ní ghlacfar le moltaí a bheadh níos oiriúnaí don chlár léirmheasa ealaíne Imeall a chraolann TG4.

Tá ciste €120,000 san iomlán ar fail. Tig le tograí a fhaigheann maoiniú ón scéim seo dul sa tóir ar thacaíocht airgid ó eagrais eile maoinithe freisin más mian leo.

Breithneofar smaointe do chláracha aonair nó do shraith. Is fearr linn cláracha leath-uaire ach ghlacfaí le saothar níos faide i gcás eisceachtúil. Measfaidh ionadaithe ón Chomhairle Ealaíon agus TG4 na hiarratais.

 
Nead an Dreoilín
Divider
TG4 Logo
Arts Council Logo
 

Is é TG4 a riarfaidh coimisiúnú na gclár, a bheidh de réir Téarmaí Trádála TG4. Molann TG4 agus An Chomhairle Ealaíon oibrithe scannán a oibríonn trí mheán na Gaeilge.

  • Fad na Sraithe: Clár aonair 25" nó 4 x 25'
  • Buiséad Léiriúcháin: €120,000
  • Formáid: Craoltar 16:9 le fotheidil Bhéarla
  • Formáid teanga: Gaeilge nó dátheangach, Gaeilge agus Béarla

Seoltar iarratais chuig TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.

1pm Aoine 11 Meitheamh 2010 an spriocdháta.

Is gá go mbeadh na nithe seo a leanas istigh leis an iarratas:

  • Foirm coimisiúnaithe Splanc!
  • Buiséad léiriúcháin mionsonraithe.
  • Cur síos mion ar an gcur chuige atá á mholadh ina mbeidh samplaí den ábhar físe, scríofa agus an stíl thráchtaireachta.
  • Liosta de na daoine atá deimhnithe mar rannpháirtithe, idir fhoireann léiriúcháin agus eile.

Ionadaithe Ó TG4 agus An Chomhairle Ealaíon a dhéanfaidh an measúnú agus an gearrliostáil ar iarratais.

Caithfidh iarrthóirí a roghnófar don ghearrliosta a bheith ar fáil d'agallaimh deireadh Mheithimh-tús Iúil 2010.

Is é TG4 a choimisiúnóidh an tsraith agus beidh téarmaí caighdeánacha trádála TG4 i bhfeidhm don chomhaontú léiriúcháin.

Beifear ag súil go mbeidh na tograí críochnaithe agus ar fáil le craoladh san am ard-fhéachana i gclársceideal TG4 in Earrach 2011.

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER