
![]()
Comórtas Scannán TG4, 2010
Seo comórtas bliantúil do dhaltaí Idirbhliana. Seolann an rang isteach imlíne scéil agus script. Roghnaíonn na moltóirí gearrliosta. Cuirtear acmhainní agus léiritheoir gairmiúil ar fáil chun na tograí ar an ngearrliosta a léiriú.
Eagraítear Duaisbhronnadh gach bliain san Lárionad Scannán i mBaile Átha Cliath. Taispeántar na scannáin agus fógraítear na buaiteoirí náisiúnta ag an ócáid seo. Craoltar na tograí ar fad ar TG4.
Téann an buaiteoirí náisiúnta (agus a múinteoir) chuig Féile Idirnáisiúnta Ciak Junior san Iodáil. Seo í an Chraobh Domhanda ag a mbíonn buaiteoirí eile ó thíortha go leor - ón Eoraip, ón Afraic Theas, ón tSín.
D'éirigh thar barr le ionadaithe na hÉireann sa Chraobh seo go minic le deich mbliana anuas.
B’iad na scoileanna seo a leanas a roghnaíodh don ghearrliosta i gcomórtas 2009:
- Pobalscoil Chaisleán Chnucha, Baile Átha Cliath 15
- Grianán Mhuire, Áth Luain
- Meánscoil Chnoc na Labhrás, Luimneach
![]()


![]()
Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais 2009 i lár mhí Bealtaine agus tá an t-eolas ar fáil sa Nuacht Ráiteas seo.
Scripteanna do Chomórtas Scannáin 2010 chuig Cathal Watters @ comortasscannain@gmail.com
Má tá aon cheist idir an dá líon, is féidir ríomh-phost a sheoladh ag Cathal Watters
Scripteanna istigh roimh an 19 Feabhra 2010