SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS

LÉIRIÚCHÁN - COIMISIÚNÚ

TREOIRLÍNTE COIMISIÚNAITHE TG4

Is maith mar a d'oibrigh an pháirtíocht idir TG4 agus an tionscal léiriúcháin neamhspleách go dtí seo. Ó bunaíodh an cainéal i 1996, chuir TG4 deiseanna nua ar fáil do léiritheoirí agus fuair siad spreagadh ó múnlaí nua smaointeoireachta agus léiriúcháin clár freisin.

Is í an chomhpháirtíocht seo idir TG4 mar eagras coimisiúnaithe agus meitheal spreagúil léiritheoirí, idir bhunaithe agus nua a chuir soláthar nuálach samhlaíoch clár teilifíse Gaeilge ar fáil a thuill lucht féachana suntasach, moladh ó léirmheastóirí mar aon le duaiseanna aitheanta sa mbaile agus i gcéin. Is í an nuál agus an cheannródaíocht seo croí agus anam chlársceideal TG4. Is mian linn tógáil ar an bpáirtíocht sin anois agus an caidreamh leis an earnáil léiriúcháin a neartú agus a dhoimhniú chun ár leas ar aon.

Agus muid ag díriú ar na babhtaí coimisiúnaithe seo amach romhainn, beidh TG4 ag spreagadh na gcomhlachtaí léiriúcháin chun cur le méid a soláthair - le sraitheanna níos faide, mionsraitheanna &rl, rud a chuirfidh ar chumas na gcomhlachtaí a gcuid oibríochtaí agus fostaíochta a choinneáil ar bhonn níos faide agus níos seasmhaí, rud a rachaidh chun tairbhe dóibh agus dúinn ó thaobh costais agus leanúnachais oibre.

Dá réir sin, do Bhabhta Coimisiúnaithe an Fhómhair (Spriocdháta: Meánlae 5 Feabhra 2010 agus ar 1 Deireadh Fómhair 2010 ar Fhoirmeacha Iarratais TG4), beimid ag spreagadh na gcomhlachtaí chun:

  • Moltaí do shraitheanna níos faide a chur chugainn
  • Raon níos leithne seánraí a chlúdach ina n-iarratais
  • Féachaint ar na féidearthachtaí d'athchóiriú go Gaeilge ar ábhar a d'oirfeadh do lucht féachana TG4, ábhar a léiríodh i dtíortha eile ach nach bhfuil ar fáil don lucht féachana anseo
 

Tá de pholasaí ag TG4 bheith ag tathant ar léiritheoirí bheith nuálach agus cruthaitheach agus iad ag ceapadh smaointe agus coincheapanna nua do chláracha. Is í an tsaoirse seo is bonn leis an bhfealsúnacht agus an cur chuige atá sa mana súil eile atá chomh tábhachtach sin don chainéal agus dá lucht féachana. Is é an meon neamhspleách sin agus an fonn dul ar bhóthar eile a spreag an cleamhneas idir spórt agus réilifís as ar fhás an tsraith Underdogs agus feictear an sórt céanna comh-cheangail i sraitheanna ar nós Glór Tíre, Mí na Meala, Hector Amú agus Ceol Chuairt.

Is cuid den fhealsúnacht chéanna ag an gcainéal láithreoirí úra a aimsiú agus a fhorbairt chun na coincheapanna nua agus na formáidí nuálach seo a thabhairt chun an scáileáin teilifíse.

Ar na tréithe a bheidh ríthábhachtach do TG4 agus muid ag measúnú, iarratas, beidh:

  • Smaointe úra léargasacha spreagúla
  • Go mbeadh sé mealltach don lucht féachana ar a bhfuil sé dírithe
  • Go bhfuil sé oiriúnach mar ábhar nádúrtha Gaeilge
  • Go bhfuil an t-ábhar láidir agus á cur i láthair ar bhealach a nascann script maith agus ábhar físe tarraingteach
  • Go bhfuil luach á fháil ar an airgead

Is é sprioc TG4 ábhar dílis ardchaighdeáin teilifíse Gaeilge a choimisiúnú ina bhfuil scáthán ar Éirinn atá ag athrú ach ina bhfuil freisin macalla den chultúr, den oidhreacht agus den stair.

Ní foláir aon iarratas cláir don chéad bhabhta maoinithe eile faoin scéim Fuaim agus Fís (BCI) a bheith faighte ag Rannóg na gClár roimh 4pm ar an Aoine an 5 Meitheamh, 2009.

 
 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER