Cuireann TG4 fáilte roimh thairiscintí ar dhá thogra teilifíse a léiriú as an NIEC i gCill Airne le linn Oireachtas na Samhna 2010.
1. Steip - Príomh chomórtais Rince ar an Sean-nós
Craoladh beo, 150 nóiméad, as an INEC I gCill Airne, os comhair lucht féachana ar an Sathairn 30ú Samhain, 2010 atá i gceist. Déanfar na comórtais ceannais ar fad (faoi 12, faoi 15, faoi 18 agus daoine fásta) a chlúdach agus cinnteoidh réamh bhabhtaí, más gá, go mbeidh dóthain ama sa 150 nóiméad le sin a dhéanamh. B'fhiú dian-mhachnamh a dhéanamh ar an seit, soilsiú agus an cur i láthair i gcomhthéacs an láthair taifeadta. Mar chuid den iarratas beidh clár uair a chloig buaic phointí le chuir in eagar le craoladh mar chuid de sceideal na Nollag 2010.
2. Corn Uí Riada
Mar chuid den iarratas beidh taifeadadh le dhéanamh ar iomlán Chomórtas Chorn Uí Riada ón láthair céanna le Steip, le go mbeadh sé ar fáil don chartlann agus beidh gá uair a chloig de bhuaic phointí an chomórtais a chur in eagar do sceideal na Nollag 2010.
Mar lár chuid dena tairiscintí beidh:..
Soiléiriú ar aon cheist le fail ón Rannóg Coimisiúnaithe TG4.
Glacfar le tairiscintí go dtí an 5.00 i.n. ar an Aoine, 25 Meitheamh, 2010.
