SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


SÍOL TAGTHA I MBLÁTH LE DRÁMAÍ ÚRNUA AR TG4

Feicfear torthaí tarraingteacha ar scéim fhorbartha drámaíochta teilifíse i nGaeilge le craoladh TG4 ar an sé thogra nua atá forbartha faoin scéim Síol.

Faoin scéim nuálaíoch seo, a chomhaoinigh TG4, Údarás na Gaeltachta agus Údarás Craolacháin na hÉireann, tugadh cuireadh do scríbhneoirí agus do stiúrthóirí ar mhian leo taithí drámaíochta teilifíse a fháil, iarratas a dhéanamh. Roghnaíodh 6 thogra, ar théama leathan "teaghlaigh" le forbairt agus le léiriú agus beidh na torthaí le feiceáil ar TG4 gach Luan feasta ag 10pm.

Sa chéad dráma, Náire feicfear Eoghan, fear a rinne iarracht lámh a chur ina bhás féin agus i mbás a mhic, Darach nach bhfuil ach 8 mbliana d'aois. Theip ar an iarracht agus tá sé in ísle brí, trína chéile agus scartha óna bhean. Clíona Ruiséil a scríobh agus Tomás Seoighe a stiúraigh. (8 Márta).

Abinitio is teideal don dara dráma, scéal Fhionnuala, atá fillte abhaile agus ar an ollscoil tar éis bliana ag taisteal. Tá fiacha troma uirthi agus faigheann sí obair ag múineadh Gaeilge d'eachtrannaigh, rud a dhúisíonn roinnt buncheisteanna di. Mebh Johnstone a scríobh agus Marion Ní Loingsigh a stiúraigh. (15 Márta).

Dráma duairc é Cinneadh, an tríú dráma sa tsraith. Tá Lisa ar a bealach go Londain lena cara Kate, faoi rún agus é beartaithe ag Lisa ginmhilleadh a fháil ansin. Is iomaí constaic a castar ina mbealach sula dtagann siad go dtí uair na cinniúna. Fiona Ní Eidhin a scríobh agus Darach Mac Con Iomaire a stiúraigh (22 Márta).

Scéal osréalach é An Líne, an ceathrú dráma, ina bhfuil an tír faoi dhaorsmacht an réimis stáit agus srianta suntasach i bhfeidhm ar shaoirse phearsanta na saoránach. Is gá ceadúnas chun leanbh a thabhairt ar an saol, cáipéis nach bhfuil faighte ag Joe & Mary. Kevin Lavelle agus Diarmuid Goggins a scríobh agus is é Diarmuid a stiúraigh. (29 Márta).

Éabha is teideal don cúigiú dráma faoi bhean ar mian léi leanbh a bheith aici ach a bhfuil deacrachtaí aici. Tá páirtí aici ach bhí páistí ag Pete le bean eile roimhe seo agus tá drogall air bheith ina athair arís. Beartaíonn Éabha fear nua a lorg ach cruthaíonn sin a chuid fadhbanna féin. Fiona Ní Dhuibhir a scríobh agus Paul Mercier a stiúraigh. (Luan Cásca, 5 Aibreán)

Déagóir a bhfuil deacrachtaí teaghlaigh aige is ábhar don dráma deireanach sa tsraith, San Eangach. Tá a mháthair tugtha don ól agus do na fir agus is beag a suim i Liam ná ina dheirfiúr óg Daisy. Tá Liam ar a dhícheall ag tabhairt aire don chailín beag agus is é a chumas mar réalta iomána an sólás mór ina shaol. Dúnmharaítear imreoir ar a fhoireann agus is ar Liam a dhíríonn na Gardaí a n-amhras, rud a fhágann muintir an bhaile á dhíbirt. Louise Ní Fhiannachta a scríobh agus Eimear Ní Choisdealbha a stiúraigh. (12 Aibreán)

Thug Proinsias Ni Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 , ardmholadh dóibh sin a bhí páirteach i Síol. "Tá an drámaíocht úrnua thar a bheith tábhachtach d'aon chainéal teilifíse ar fiú trácht air, "a dúirt sí, "agus is cuid de mhisean TG4 drámaíocht dhúshlánach Ghaeilge a spreagadh ar mheán na teilifíse. D'éirigh le scéimeanna mar seo a bhí againn cheana tallann nua a aimsiú agus a fhorbairt. Táimid cinnte go dtiocfaidh an síol seo i mbláth freisin agus go mbeidh rath agus cáil ar na daoine seo nuair a bhainfidh siad an chéad chéim eile amach san earnáil drámaíochta teilifíse."

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2864

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER