SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


RÁSAÍ NA GAILLIMHE AR CHEANN DE DHOSAEN TG4 DO IFTA

Tá cheithre ainmniúchán éagsúil faighte ag an sraithdhráma Rásaí na Gaillimhe sa nGearrliosta do na Gradaim IFTA is deireanaí a fógraíodh inné. Is í scéim IFTA na duaiseanna is measúla sa tionscal scannáin agus teilifíse in Éirinn. Tá ocht gcinn d'ainmniúcháin eile IFTA faighte ag tograí éagsúla eile de chuid TG4 freisin.

Thuill Rásaí na Gaillimhe ardmholadh nuair a craoladh ar dtús é sa bhfómhar seo caite. An comhlacht neamhspleách Great Western Films a léirigh an sraith seo, seacht bpáirt do TG4 ina ríomhtar snátha scéil idir ghreannmhar agus ghruama in eachtraí a tharlaíonn le linn na féile mhór rásaíochta i mBaile Briota sa Samhradh.

Fuair an tsraith seo chúig ainmniúchán éagsúil IFTA inné sna duais-aicmí seo a leanas: Sraithdhráma is Fearr, Duais na Gaeilge, Stiúrthóir is Fearr (Robert Quinn), Aisteoir Mná is Fearr (Ruth Bradley) agus Script Teilifíse is Fearr (James Phelan).

Ar na tograí eile le TG4 atá gearrliostaithe ag IFTA i mbliana tá dhá ainmniúchán ar aon do Ros na Rún, (Sobal is Fearr, Duais na Gaeilge) agus Seacht Óige agus Duais na Gaeilge), dhá shraith fhaisnéise Bóthar go dtí an White House agus Teorainn agus GAA Beo beochlúdach Domhnaigh an chainéil (Spórt).

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir, a gcuid ainmniúchán ar fad le muintir Rásaí na Gaillimhe agus leis na léiriúcháin ar fad eile atá ar an nGearrliosta.

Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 an rogha seo. "Fuair TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo," a dúirt sé. "Táimid an bhródúil as an uimhir ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na drámaíochta. Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú," a dúirt an tArdstiúrthóir.

Mheabhraigh sé freisin go raibh scéala faighte aige le cúpla lá anuas go raibh duais shuntasach eile buaite ag an tsraith Ros na Rún le gairid, An Sobal is Fearr, Rogha an Phobail, ón Suíomh Gréasáin www.Entertainment.ie

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505228

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER