SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


Wimbledon 2009 ar TG4

Tar éis éacht stairiúil Roger Federer i gCraobh na Fraince coicís ó shin agus bua an Albanaigh Andrew Murray ag Comórtas na Banríona an tseachtain seo caite, cuirfear suim ar leith i gclúdach cuimsitheach TG4 ar Chraobh leadóige Wimbledon 2009.

Cuirfear tús le Wimbledon ar an Luan 22 Meitheamh agus imreofar na cluichí ceannais deireanacha ar an Domhnach 5 Iúil. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 na cluichí móra ar fad agus beidh tuairiscí rialta ar fáil freisin ar an dul chun cinn i gcluichí cinniúnacha eile. Mar bhreis ar an mbeochraoladh teilifíse, beidh iomlán na himeartha á líonchraoladh ar leathanbhanda ar Shuíomh Gréasáin an chainéil, TG4 BEO PLAYER áit a mbeidh torthaí, tuairiscí agus ord na himeartha ar fáil freisin. Craolfaidh an cainéal clár uair an chloig de bhuaicphointí gach oíche freisin.

Is iad Brian Tyers agus Mac Dara Mac Donncha a bheidh i mbun na tráchtaireachta Gaeilge ó Wimbledon do TG4.

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, gur díol suntais ar leith clúdach an chainéil ar Wimbledon i mbliana. "Is maith is eol do lucht leanta na leadóige gur ar TG4 atá an clúdach teilifíse in Éirinn ar an mhórimeacht spóirt seo," a dúirt sé, " agus beidh aird an phobail ar chraobhach na bliana seo ar bhealach ar leith agus iad ag súil le babhta eile i sean-choimhlintí agus coimhlintí nua a mhairfidh sa gcuimhne go ceann i bhfad".

D'éirigh thar barr le clúdach TG4 ar chraobhacha Wimbledon le cheithre bliana anuas.

Wimbledon 2009: TG4 Gach lá ó Luan 22 Meitheamh

Breis Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 - TG4 - (091) 505043 / (087) 247 2841

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER