



ROS NA RÚN - SRAITH # 14!
Faigheann Tadhg agus Frances amach nach dtiocfaidh a naíonán nua-bheirthe slán gan smior a fháil ó dhuine gaolta. Feicfear go bhfuil Caitríona ag dul le fiontraíocht nuair a osclaíonn sí sciamhlann ar an mbaile, gnó a mbeidh biadán go leor ann agus faoi.
Ní chun sonais a rachaidh an saol ag Bríd agus Micheál má leanann Molly uirthi lena cuid cleasanna. Beidh a chuid fadhbanna tinnis féin ag Peadar bocht freisin, is cosúil, agus dea-scéala ag Adelaide.
Dé Máirt & Déardaoin @ 8.30in
Ollchlár Dé Domhnaigh @ 10.30in

Bíonn iontas ar Jason nuair a iarrann Tadhg air dul i mbun gnó leis agus cuidiú leis an gnó adhlacóireachta a rith. An nglacfaidh Jason le tairiscint Thaidhg?
Tugann Bríd cuairt ar Johnny le dindiúirí airgid an cholscartha a réiteach ach shílfeá nach bhfuil suim ar bith ag Johnny ina cuid airgid. Bíonn gloine fíona acu in éineacht agus caitheann siad seal ag dul siar ar bhóithrín na smaointe. Ach an meallfaidh Johnny Bríd arís?


