SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

One Tree Hill Logo

Gach Déardaoin ón 5ú Feabhra @ 18:00
Athcraoladh Dé Luain @ 21:05

Cé gur fágadh ag an altóir é, beartaíonn Lucas dul sa seans an dara uair agus iarrann ar a ghrá nua é a phósadh. Anois agus an dara leabhar dá chuid le foilsiú, ní foláir dó a bheith in ann comhthromaíocht a aimsiú ina shaol idir cúrsaí grá agus cúrsaí leabhar.

Castar Peyton le duine a bhfuil ceangal aige lena máthair agus tagann sí ar eolas nua faoina cúlra dá thoradh seo. Tagann Brooke ar eolas pianmhar agus í i ngleic le Victoria maidir le todhchaí an chomhlachta éadaigh Clothes over Bros; An rachaidh Victoria i ngéire leis an aighneas agus an dtiocfaidh an comhlacht slán ón achrann seo idir máthair agus iníon?

Tá Nathan agus Haley ag baint suilt agus tairbhe as a ról mar thuismitheoiróí ar Jamie agus iad freisin ag iarraidh a ngairmeacha ceoil agus cispheile a chur chun cinn. D'fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí rompu.

Na Cailiní

 

Na Cailiní

Diúltaíonn Mouth do thairiscint ar phost tarraingteach mar go mbeadh air imeacht ó Tree Hill, b'fhéidir.

Tá Skills mar oiliúnaí ar fhoireann cispheile na Ravens agus tá Deb ag socrú isteach ina post nua ag tabhairt aire do Jamie. Caithfidh bheirt nó an fearr stop a chur leis anois. Tarlaíonn drochthimpist bóthair do Dan agus tá sé i mbaol báis - arís.

DÉARDAOIN, 23/7 @ 18:05
REMEMBER ME AS A TIME OF DAY

Sa chlár deiridh den tsraith ní bhíonn aon rogha ag Nathan ach teacht os comhair Haley agus Jamie tar éis do na Chiefs scaoileadh leis. Bíonn iontas ar Lucas agus Peyton nuair a thagann Karen ar cuairt an lá sula bhfuil súil le leanbh Peyton. Bíonn Dan ar leaba an bháis.

 

One Tree Hill

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER