Gan cumas, dúthracht agus díograis ár gceoltóirí óga, is beag a bheadh i ndán don cheol Gaelach sna blianta amach romhainn. D'aithin Gradam Ceoil TG4 é seo ón tús agus tá Gradam don Cheoltóir Óg bronnta ar oirfidigh ó cheann ceann na tíre, sampla beag de na mílte ógánach ar a bhfuilimid ag brath chun an ceol a sheachadadh chuig an gcéad ghlúin eile.
"Bronnadh Gradam an Cheoltóra Óig orm i 1998. Bhí me díreach i ndiaidh albam a eisiúint le Síona, grúpa ceoltóirí óga ó Shligeach agus ó Liatroim. Chuir se iontas mór orm a bheith roghnaithe don Ghradam seo. Ba mhór an onóir é agus rud ab ea é nach dtarlóidh ach uair amháin i do shaol." June Nic Cormaic

