Sa bhliain 2004, bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Sheán Keane mar aitheantas ar a stíl ghalánta, thuisceanach fidléireachta. Cé go bhfuil Seán ina bhall de na Chieftains ó 1968, bhí go leor bainte amach aige i saol an cheoil sular imigh sé, siúlach scéalach, leis an ngrúpa seo, an ceann is cáiliúla riamh i stair an cheol Ghaelaigh.
Cé gur rugadh i mBaile Átha Cliath é, bhí traidisiúin cheoil an Chláir agus an Longfoirt tugtha leo go dtí an phríomh-chathair ag a thuismitheoirí. Bhí Seán agus a dheartháir, James fós an-óg nuair a thosaigh siad ag freastal go rialta ar sheisiúin.
Ní raibh sé ach 17 mbliana nuair a bhuaigh sé comórtas Fhleadh Cheoil an Raidió ar chlár Sheáin Uí Riada ar Radio Éireann. Go gairid ina dhiaidh sin, thug Ó Riada cuireadh dó a bheith leis i gCeoltóirí Chualann. Ag an am céanna, bhí sé féin agus James bainteach le Banna Céilí an Chaisleáin, lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach go mór faoi thionchar beirte as an gClár - na fidléirí John Kelly agus Joe Ryan.
Tá sé ar an mbóthar leis na Chieftains le beagnach 40 bliain anois agus an-tóir fós ar an ngrúpa i Meiriceá, san Eoraip, san Áis, san Astráil agus sa mbaile in Éirinn.
Mar a dúirt an coiste roghnaithe faoi: "Caithfear aird ar leith a tharraingt ar an tuiscint ar leith atá ag Seán ar stíleanna éagsúla ceoil, ar an sármháistreacht atá aige ar an fhidléireacht agus ar an gcruth úr tarraingteach a fhágann sé ar achan phíosa ceoil a bhuaileann sé, cruth a mbeadh na seanmháistrí ceoil ar fhoghlaim sé an cheird uatha millteanach sásta leis."

