SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 
 

2001 - MÁIRE NÍ CHATHASAIGH

Roghnaíodh Máire Ní Chathasaigh mar cheoltóir na bliana ag Gradam Ceoil TG4 2001 - "as ceannródaíocht agus feabhas a cuid ceoil agus as an fhorbairt shuntasach atá déanta aici ar cheol cláirsí agus as an tionchar fíor-dhearfa atá imeartha aici ar ghlúin óg cláirseoirí".

Is i nDroichead na Bandan, Co. Chorcaí, a tógadh í agus bhí a teaghlach sáite sa gceol. Bhuaigh sí go leor comórtas ar an gcláirseach agus rinne sí ceannródaíocht i bhforbairt na huirlise, go h-áirithe i réimsí an cheol rince agus cheol Uí Chearbhalláin. Go dtí sin, bhí an chláirseach in úsáid go príomha mar uirlis tionlacain nó chun foinn mhalla a sheinm.

"Táim im cheoltóir proifisiúnta le ós cionn 25 bliain ach caithfidh me a rá gurbh é Gradam Ceoil TG4 an onóir ba mhó im shaol nuair a bronnadh orm é. Baineann stádas ollmhór leis an nGradam, cruthaíonn sé poiblíocht ach thar aon rud eile is léiriú é go dtuigtear an luach cultúrtha a bhaineann leis an obair atá ar bun agat.

Cé gur bronnadh an gradam orm go pearsanta, bhí sé fíor-thábhachtach do chláirseoirí na tíre seo i gcoitinne mar gurbh í seo an chéad uair gur aithníodh luach na h-uirlise sa traidisiún Gaelach." Máire Ní Chathasaigh

Dúirt Derek Bell ó na Chieftains, nach maireann, gurb í Máire "an ceoltóir is spéisiúla agus is úrnua ar chláirseach na hÉireann lenár linn."

 

Logo Gradam Ceol

Máire Ní Chathasaigh

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER BAILE