






Cuirfear tús leis an dara sraith FEIRM FACTOR, 10 gclár ar TG4 ar an Déardaoin 14 Eanáir 2010.
Craoladh an chéad shraith bliain ó shin, sraith nuálaíoch inar cuireadh dáréag feirmeoir ó chúlraí éagsúla in iomaíocht le chéile féachaint cé aige/aici a bhí an raon scileanna, acmhainn ghnó agus seasmhacht choirp agus intinne chun an duais mhór a bhuachan.
Is í Maura Derrane an láithreoir agus tig léi a bheith báúil nó dian de réir mar a oireann don ócáid. Is iad Alan Dukes, iar Aire Talmhaíochta agus eacnamaí agus Seán Ó Lionáird, feirmeoir as Corcaigh, na moltóirí.
JOE KELLY
Is as Meathas Troim i gCo an Longfoirt don fhear seo, 54 bliain d'aois, athair ceathrar clainne a bhfuil feirm churadóireachta agus laonna aige. Is é an t-iomaitheoir is faide taithí é agus is beag tasc a bhainfidh siar as. Tá suim mhór aige sa tumadóireacht mar chaitheamh aimsire. Ilsciliúlacht agus ullmhúchán a mhana.

