SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 
 

SEÁN Ó DÓNAILL

divider

Is fear óg 35 bliain d'aois é Seán Ó Dónaill. Tar éis céim sna dána a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus cúpla bliain a bheith caite aige ag taisteal, d'éirigh le Seán post a fháil mar láithreoir ar an stáisiún raidió áitiúil.

Tá sé ina chónaí achar gairid ón stáisiún raidió i mbaile an Chloiginn. Cé go bhfuil Seán 35 bliain d'aois, níl sé mórán os cionn cúig bliana fichead ina chloigeann féin. Tá sé dathúil, réchúiseach, dóchasach agus cuma na hóige air. Chaith an saol go maith leis go dtí seo.

Maidir lena ghairm bheatha, tá ag éirí go maith le Seán sa raidió; tá a chlár féin aige cúig oíche sa tseachtain agus tá a phearsantacht raidió féin cruthaithe aige - láithreoir cainteach, ceanndána, ciallmhar agus lán le spraoi.

divider

divider

clip - t-sean-mirror.mp4 - 0.7 MB - Íoslódáil

 

Seán Ó Dónail

divider

É sin ar fad agus meascán aisteach ceoil ó Puccini go dtí na Pixies. Nuair nach bhfuil sé ag obair is maith leis néal a thabhairt leis san iarnóin. Is breá leis a bheith ag siúl cois abhann, ag ól cúpla deoch Tí Mháille nó braon nó dhó sa Tobar tar éis na hoibre.

Tá Seán ina chónaí le Nuala i dteach atá ar imeall na coille. Is ealaíontóir í Nuala agus tá a stiúideo aici sa gharáiste athchóirithe atá ar thaobh an tí. Tá Nuala go mór i ngrá le Seán agus, cé go bhfuil amhras ar Sheán go bhfuil a leithéid de rud is grá ann ar chor ar bith, tá an-chion aige uirthi.

divider

Seán agus Nuala

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER ROSG FACEBOOK