SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 
 

AN CEANNFORT, SÉAMAS Ó SÉ

divider

Is fear caoga cúig bliain d'aois é an Ceannfort Séamas Ó Sé ar maith leis a chuideachta féin.

Cailleadh a bhean chéile go tragóideach tar éis ionsaí brúidiúil a bheith déanta uirthi - ionsaí a bhí ceangailte ar chaoi éigin le fiosrúchán ar a raibh Ó Sé ag obair. Níor rugadh ar an dúnmharfóir riamh agus tá an cás fós gan réiteach.

Tá a mháthair beo go fóill agus tá seacht mbliana fichead caite aige sna Gardaí. Thairis sin, níl mórán eolais eile againn ar an bhfear. Tá sé ráite go bhfuil cónaí air i seanteach as féin i gCill Mhantáin, áit a chaitheann sé a chuid ama ag léamh agus ag éisteacht le ceol clasaiceach.

divider

divider

clip - ceanfort.mp4 - 2.0 MB - Íoslódáil

 

Séamas Ó Sé

divider

Tá a chuid bealaí oibre féin ag an gCeannfort. Cosúil le Liebnitz (nihil est sine ratione: ní tharlaíonn tada gan chúis), ní chreideann sé i seans ná i gcomhtharluithe. Creideann sé go bhfuil gach rud ceangailte agus comhcheangailte ina chéile agus nach bhfuil ann ach súil nó cluas ghéar a bheith agat chun na ceangail sin a aimsiú.

Tá tuiscint ar leith ag an gCeannfort ar an saol osnádúrtha, nó an Domhan Eile mar a thabharfadh sé féin air, cé go bhfeicfeadh sé go bhfuil an Domhan Eile snite isteach i ndomhan s'againn féin.

divider

Séamas Ó Sé

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER ROSG FACEBOOK