


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is í Treasa Ní Mhiolláin a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Treasa le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...
1. Dónall Óg
2. Cúirt Bhaile Nua
3. An Abhainn Mhór
4. An Spailpín Fánach

Ó is spailpín aerach tréitheach mise 's bígí a' soláthar mná dom,
Mar scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na taltaí bána,
Mo láimh ar an gcéacht i ndiaidh na gcapall agus réabainnse cnoic le fána.
Ó is mo chúig chéad slán leat a dhúthaigh m'athar agus leis an oileán grámhar,
'S an scata fear óg atá i mo dhiaidh ag a baile a dhéanamh cabhair orm in am an ghátair.
Tá Baile Átha Cliath dóite 's tógfar Gaillimh beidh lasair ina thinte cnámha.
Beidh fíon agus beoir ar bhord ag m'athairse chun cabhair ag an spailpín fánach.
'S an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise nach bhí mé a bhí súgach sásta,
An dara lá dár liostáil mise nach mé a bhí buartha cráite.
An tríú lá dár liostáil mise thabharfainn cúig chéad punt ar a fhágáil,
Dá dtugfainn sin agus an oiread eile ó ní raibh mo phas le fáil a'am.

