SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - TREASA NÍ MHIOLLÁIN

 

TREASA NÍ MHIOLLÁIN

divider

Treasa Ní Mhiolláin

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is í Treasa Ní Mhiolláin a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Treasa le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...

 1.   Dónall Óg  
 2.   Cúirt Bhaile Nua  
 3.   An Abhainn Mhór  
 4.   An Spailpín Fánach  

 

AN ABHAINN MHÓR

divider

Céad slán don Abhainn Mhór, sé mo bhrón gan mé anocht lena taobh
'gus a liachtaí sin bóithrín caol uaigneach ag dul idir mé is í,
Ins an áit a mbíodh spóirt ag an aos óg is pastime na hoíche.
Bhíodh an jug ar an mbord ann is mo stóirín fial fairsing dhá roinnt.

Murach m'óige agus dícéille 's deas aerach mar a chaithfinnse mo shaol
Nó gur éalaíos thar sáile le Máire ar uair an mheán oíche.
Nuair a ghreamaíos den Bhúrcach a diúltaíodh i gcathair na naomh
Sé a d'fhágadh ar fán mé 's gan fhios 'am cá gcodlóinn an oíche.

Chúns bhéas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé imirt ná ól
Chúns bhéas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé tréartha ban óg
Chúns bhéas mé beo in Éirinn ó pléascfaidh mé an jug ar an mbord
'S céad slán duit a mhíle stóirín is cé déarfadh nach liomsa thú fós.

Tá mo mháithrín go haonraic léi fhéin i gCaladh na mBád
Ag osnaíl 's ag éagaoin ó oíche go lá
Tá a comrádaí sínte i gCill Bhríde 'gus leac ar a cheann
'S tá a mac ar fud na tíre ag imeacht is ag ealaín le mná.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER