SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - MÁIRTÍN TOM SHEÁINÍN

 

MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN

divider

Mairtín Tom Sheánín

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Máirtín Tom Sheánín as An Sruthán Buí, Leitir Móir a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Máirtín le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...

 1.   An Sagairtín  
 2.   An Capall  
 3.   Amhrán Fhoirnise  
 4.   Amhrán Mhuínse  

 

AN CAPALL

divider

Is nach mhór i gceist fadó An Caiseal
Nuair a bhuaileadh sí cat ar an Rí
Ach ní choinneodh sí coinneal don Chapall,
Faoi chraicneach is í ag tarraingt na gaoth
Níor stríoc sí is níor chlaon sí d'aon ghála,
Gur leag sí ó ghob Oileán Fia,
Bhí na húicéirí eile le fána faoi ráta agus iad léige ina diaidh.

Is ba luaichte í go mór ná an Queen Mary,
Nuair a leag siad í aniar le cóir,
Bhí na céadta 'gus na mílte ag déanamh iontais,
Dhá faire go Céibh na Páirc' Mhóir',
Nuair a thug sí an geall as Cinn Mhara,
Ón Dóilín is as Cloch na Rón,
Cuireadh bratach ar Chaisleán Dhún Guaire,
Is tá pictiúr i gCaisleán Thír Eoghain.

Sé mac Pháraic Fhiacha is an Ráinneach
A tharraing a múnlaí go cruinn,
I ngairdín deas pléisiúir na cúirte,
Ar shuíomh deas an fhoscaidh den bhinn,
Sé Gábhán a ghearr a cuid adhmaid,
Gan anró, mairg ná stró,
Ach d'fhág siad gift ins an gCapall,
Nach scarfadh leí go deo.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER