SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - MÁIRE NÍ CHOILM

 

MÁIRE NÍ CHOILM

divider

Máire Ní Choilm

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is í Máire Ní Choilm a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Máire le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...

 1.   A Phaidí a Ghrá  
 2.   Líontar Dúinn a' Crúiscín  
 3.   Ar a Ghabháil go Baile Átha Cliath Dom  
 4.   An tSeanbhean Bhocht  

 

A PHAIDÍ A GHRÁ

divider

Ó's a Phaidí a ghrá má d'imigh tú go dtige tú slán
Char imigh tú nó gur lagaigh tú an croí a bhí i mo chliabh
Dá mbíodh coite agam a d'iomróchadh do dhiaidhsa long ná bád
'S go bhfuil an fharraige 'na tonna gorma agus ní féidir domh snámh.

Tá na deora seo a' déanamh ródaí ar gach taobh de mo ghruaidh
Tráthnóna Dé Domhnaigh is ar maidin Dé Luain.
Nuair a smaointím ar an té údaí a bhí agam inniu ná inné
'S go bhfuil mo sweetheart i bhfad ó bhaile is gur fhág sé mise liom fhéin.

Ó's a Phaidí cad tuige nach dtáinig tú aniar faoi choim
A dh'amharc ar do sweetheart a bhí ina luí go breoite tinn
Nuair a shíl mé í fháil sa bhaile romham ina suí
'Sé a fuair mé druidte i dtalamh í i gconair chaoi.

I mBaile an Chaisleáin chois Lochair chodlaíos grá geal mo chroí
Ná ar a' bhaile údaí eile tá síos lena thaobh
Tá súil is aon Mhic Mhuire agam agus grásta aon Mhic Dé
Go gcodlóidh mé i Lochar in ascaill ghrá geal mo chléibh.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER