SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ

 

JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ

divider

Johnny Mháirtín Learaí

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Sa gclár seo, buailfimid le Johnny Mháirtín Learaí as Leitir Árd, Caiseal.

Insíonn sé d’Antaine faoin na hamhráin is fearr leis...

 1.   Co. Mhaigheo  
 2.   Bruach na Carra Léith  
 3.   Cuachín Ghleann Néifin  
 4.   Bríd Thomáis Mhurchadha  

 

BRÍD THOMÁIS MHURCHADHA

divider

Is a Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseán óir,
Is an té a bheadh gan amharc nach a dtabharfá soilse dhó.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha ó beirimse an barr leat fhéin
Ar fhinne, ar bhinne, ar dheise 'gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseán óir
Is an té a bheadh gan amharc nach dtabharfá soilse dhó.

Is rachaidh go Gaillimh nó go gceannóidh mé gáirdín úll,
Agus loingeas ar farraige le haghaidh ' bheith ag déanamh spóirt.
Is ar fhilliúint ó Shligeach dom agus leide beag a fháil den chóir,
Ní chónód faoi bhealach nó go mblaisfinn de phóg mo stór.

'S má bhí mise folamh, dar m'fhocal gur mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil.
Is dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a' cur shneachta ins 'chuile cheard den spéir,
Ach tusa ' bheith i m'aice, is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER