SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDACH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ

 

JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ

divider

Johnny Mháirtín Learaí

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Sa gclár seo, buailfimid le Johnny Mháirtín Learaí as Leitir Árd, Caiseal.

Insíonn sé d’Antaine faoin na hamhráin is fearr leis...

 1.   Co. Mhaigheo  
 2.   Bruach na Carra Léith  
 3.   Cuachín Ghleann Néifin  
 4.   Bríd Thomáis Mhurchadha  

 

CUACHÍN GHLEANN NÉIFIN

divider

Tá féar fada 'gus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí agus dealra ag fás go hard ar bharra crann ann.
Dhá mbeinnse 's mo stóirín pósta 's an saol ag gabháil mar is ceart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí 'gus luach an óil ag bean a' leanna.

'S tá cailín óg deas ar thaobh a' tsléibhe 'gus deas a' féirín í le mealladh,
'Agus chaith mé fhéin an oíche aréir ag súil is go dtabharfainn abhaile í,
Nó gur chúitíos le Seán Seoighe a' bheith romham ag na bealaigh,
Ó bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín, 'gus sé pingine ar mo leaba.

'S tá smúit ar na réalta ar an ngréin 's ar an ngealach,
'S ar amharc mo shúl fhéin is ní léir dhom na bealaigh,I ndiaidh Chuaichín Ghleann Neifín nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín tabhair ón bpian mé mar 'sé do mhéin bhreá atá go mo lagan.

Is fágfaidh mise an áit seo mar atá sé an-uaigneach,
'Gus rachaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín ins chuile áit dá bhfaighinn tuairisc,
Ní léir dhom na cros-bhóithrí ag na deora do mo dhalladh,
Is nach é mo léan géar gan teach mo lóistín san áit a gcóiríonn tú do leaba.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER