


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is é Cormac Ó hAodha as Cúil Aodha, Co. Chorcaí a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Cormac le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...
1. Táimse agus Máire
2. Baile Bhúirne
3. Amhrán Pheaid Bhuí
4. Bog Braon don tSeanduine

Tréimhse a chaitheas seal go h-aerach
I measc mo ghaolta go soilbhir sóil
Gan suim i gcleasaibh ná i gcúrsaí an tsaoil seo
Do chuirfeadh m'intinn ar seachrán
Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais
Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil
Is ní thréigfead feasta don grá ró-dhlúth san
Do Bhaile Bhúirne go bhfaighidh mé bás.
Is breá í amharc a cnoic is a sléibhte
Is a gleannta féarmhar gach maidin cheoidh
Is fuaim gach caise ag sníomh go h-éasca
Go sroisfeadh béal na mara móir'
Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach
Ag fás go líonmhar i measc gach gleann
Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann
An druid chiardhubh an broc is an creabhar.
Is ann a gheofá an ainnir mhánla
Gur bhfonn le sárfhear suí seal ina treo
Go bhfuil a malaí ar dhath na háirne
Is a leacan álainn ar scáil na rós
Gur binne fuaim ná teangan Gaoluinne
Nár airís ariamh ar ghléasaibh ceoil
Ná Dáire Duanach do chuireadh suain ort
Bhí ag Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair fadó.

