


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is í Áine Uí Cheallaigh as Béal Feirste a bheidh ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Áine le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léi...
1. Ar Mo Ghóilt Dom
2. Spailpín a'Rún
3. An Droighneán Donn
4. Fill a Bhruineall

Ar mo ghabháilt dom tríd an mbaile beag darb ainm dó siúd Éire
Preabann agus léimeann an osna so athá im chroí,
Nuair a chuimhním ar an aimsir go mbhínnse agus mo chéad-searc
Ar imeall choille craobhaí go socair inár suí.
Bhí dóthain don diúic ann, do phrionsa nó dá chéile,
Is gach ní eile dá mb'fhéidir go dtiocfadh inár líon;
An bradán geal go dtabharfad ón linn seo atá amuigh taobh linn
Lachain agus géanna agus cearca beaga fraoigh.
Is pé acu bean ar buile mé, nó fé mar atháimse
Ceolta sí na Spáinne ní cheapaim go bhfuil binn
Ó d'imigh uaim thar farraige scafaire na mbánchrobh
Is gurb é dh'airím á rá acu ná casfar faraoir.
Thá ceo is scamaill dhorcha go follús ar mo lámha
Is dá dheasca siúd gur tháinig gur chailleas fhéin mo chiall
N'ach ní chreidfinn óna mhaireann iad, níl aon mhaith dhóibh bheith á rá liom
'Á mbeadh fhios ag mo ghrá é go dtiocfadh is mé a leigheas.

